|
Seirbhísí Aistriúcháin ApLingo:
ApLingo is cuideachta sheanbhunaithe a bhfuil meas agus cáil uirthi i dtionscal an Aistriúcháin í a chuireann saoráidí ar ardchaighdeán ar fáil óna hOifigí Áitiúla i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.
Seirbhísí:
Cuirimid seirbhís ar chaighdeán ard gairmiúlachta ach seirbhís phearsanta ag an am céanna ar fáil. Tá an fhoireann atá againn oilte chun déileáil le tasc ar bith go sciliúil agus go beacht chun freagairt do do riachtanas maidir le seachadadh, teanga agus ábhar. Táimid bródúil as caighdeán ár seirbhíse agus as sástacht ár gcustaiméirí. I measc ár gcuid cliant tá Eagaríochtaí Árachais, Dlí, Leighis, Caidrimh Phoiblí/Fógraíochta, Déantúsaíochta agus Easpórtála. Tá oifigí cleamhnaithe againn in India, sa Spáinn, san Afraic Theas, sa Rúis agus sa Ríocht Aontaithe, rud a chuireann lenár n-infrastruchtúr agus lena seirbhís.
Ár nAistritheoirí:
Tá os cionn 400 Aistritheoir Oilte ar fáil againn a bhfuil cáilíochtaí gairmiúila acu agus a bhfuil taithí nach beag acu sna teangacha agus sna hábhair a chlúdaíonn siad. Ní úsáidtear ach aistritheoirí na Máthartheanga d'fhonn cruinneas agus léirmhíniú beacht a chinntiú sna teangacha a éilítear.
Teangacha/Ábhar:
Clúdaimíd formhór na dteangacha ar fud an Domhain, lena n-áirítear Oirthear na hEorpa, an Araib, an Áise agus an Afraic. Cuireann an fhoireann againne raon iomlán scileanna ábhair ar fáil lena n-áirítear gach téacs Tráchtála, Dlí agus Teicniúil. Tá ar ár gcumas Aistritheoir a roghnú go sonrach chun tasc áirithe a dhéanamh, aistritheoir ag a bhfuil scil sa teanga agus san ábhar freisin. Creidimid go bhfuil dlúthchaidreamh oibre eadrainn riachtanach chun timpeallacht oibre agus téarmeolaíocht ár gcliaint a thuiscint.
Seachadadh:
Nuair a thugaimid faoi thasc déanaimid do riachtanais seachadta agus cur i láthair a mheas. Thar aon ní eile, cloímid le geallúint a dhéanaimid i dtaca le hábhar a sheachadadh. Is minic Seirbhís Aon Lae a bheith ar fáil do thascanna beaga/práinneacha. Cuirtear na téacsanna críochnaithe ar aghaidh i bhformáidí Word nó PDF. Is féidir linn, gan amhras, Facs, an Post nó Post Courier a úsáid má éilítear sin.
Seirbhísí Aistriúcháin, Cur i Láthair agus Priontála:
Bain úsáid as ár réitigh iomlána cur i láthair: ó choincheapú dearaidh, go haistriúchán teanga agus formáidiú, foilsitheoireacht deisce agus leagan deiridh priontáilte seachadta chuig do dhoras. Oibreoimid leat gach céim den turas chun a chinntiú go mbeidh do chéad tionscadal eile chomh maith agus is ceart dó a bheith.
Ár bPraghsanna:
Beidh an táille deiridh bunaithe ar Líon na bhFocal sa Sprioctheanga de ghnáth. Ní ghearraimid fortháille ar obair de bharr í a bheith práinneach ach amháin i gcásanna fíoreisceachtúla agus é a bheith comhaontaithe. Tá Rátaí Speisialta le fáil do théacsanna a mbíonn níos mó ná 4000 focal iontu. Tá Meastacháin agus Comhairliúcháin faoi Thionscadail ar fáil saor in aisce gan gá geallúint a dhéanamh. |